about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Tuohy, Patrick

click to view fullsize



Patrick Tuohy, (1894-1930)

Péintéir portráidí agus radharcanna seánra agus scéaltacha.

Rugadh Patrick Tuohy i mBaile Átha Cliath, áit a raibh a athair ina mháinlia. B'as Muigh Eo don teaghlach. Bhí máchail ar Patrick ón mbroinn, bhí a lámh chlé seargtha ar fad. Ní raibh seo ina bhac air riamh ardchumas a bhaint amach sa líníocht agus sa phéintéireacht. Agus é fós ina stócach chruthaigh sé líníochtaí, portráidí agus tírdhreacha.

D'fhreastail Patrick ar scoil de chuid na mBráithre Críostaí ar dtús agus ar Scoil Éanna i Ráth Fearnáin sa bhliain 1908 nuair a bhí sé in aois a cheithre bhliana déag. Bhí sé ar na chéad dhaltaí a d'fhreastail ar an scoil.

D'aithin Liam Mac Piarais, deartháir Phádraig Mhic Piarais, a bhí ina dhealbhóir agus ina múinteoir ealaíne sa scoil an gheallúint a bhí ann agus bhrostaigh é. Chuaigh Séamas Mac a' Bhaird, príomhoide Scoil Éanna i gcionn ar a athair Patrick a chur ar an Metropolitan School of Art i mBaile Átha Cliath, rud a rinne sé. Bhí Patrick i dteannta Seán Keating (1889-1977), Leo Whelan (1892-1956), Margaret Clarke nee Crilley (1888-1961) agus James Sleator (1885-1915) ar dhaltaí “speisialta” William Orpen (1878-1931) sa Metropolitan School of Art.

Bhuaigh Patrick Scoláireacht Taylor an Royal Dublin Society sna blianta 1912, 1914 agus 1915, an t-aon duine amháin chun an éacht seo a bhaint amach. Phéinteáil Patrick pictiúir ar shíleáil sa bhliain 1913, deich gceann acu i gcoimisiún amháin ó Chumann Íosa i gCaisleán Ráth Fearnáin.

Chreid Patrick agus a athair i saoirse na tíre agus ghlac an bheirt acu páirt in Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916 mar bhaill de gharastún Ardoifig an Phoist.

D'imigh chuig Madrid sa bhliain 1916 agus chaith bliain go leith ann ag teagasc i meánscoil. Bhí meas mór aige ar shaothar Diego Velazquez (1599-1660) agus thapaigh sé an deis sa Spáin staidéar a dhéanamh ar a shaothar.

Ar ais in Éirinn dó thaispeáin sé a shaothar leis an Royal Hibernian Academy 1918. Fuair sé fostaíocht mar léachtóir ar an Metropolitan School of Art ina dhiaidh sin sa bhliain 1920. D'éirigh sé ina phéintéir céimiúil agus bhí Sean O’Casey, James Stephens, Padraic Colum, Lord Fingall agus John Stanislaus Joyce athair James Joyce orthu siúd a shuigh dó. Rinne sé roinnt tírdhreacha agus dornán pictiúr le téamaí reiligiúnda agus mhaisigh sé leabhair Standish James O’Grady chomh maith.

Thug sé cuairteanna éagsúla ina dhiaidh sin ar an bhFrainc agus ar an Iodáil sna blianta 1923 agus 1924. Phéinteáil sé portráid chlúiteach an scríbhneora James Joyce nuair a bhí sé i bPáras. Toghadh mar fho-bhall den Royal Hibernian Academy sa bhliain 1924 agus mar bhall sa bhliain 1925. Ghlac sé le ballraíocht san United Arts Club sa bhliain 1926. Ní raibh deireadh lena dhúil sa choigríoch áfach agus d'aistrigh sé anonn chuig Columbia South Carolina sna Stáit Aontaithe sa bhliain 1927. D'aistrigh sé go Nua Eabhrac ar ball.

Fuarthas corp marbh Patrick ina sheomra i Nua Eabhrach agus is cosúil gur plúchadh é le gás. Thosaigh luaidreáin a dul thart ag maíomh go raibh lámh aige ina bhás féin ach níor cruthaíodh seo riamh. Cé go raibh saol gairid aige d'fhág Patrick timpeall ar dhá chéad go leith saothar ealaíne ina dhiaidh ag tá a theist ag méadú i gcónaí. Tá eiseamláirí dá shaothar sa Ghailearaí Náisiúnta.

An Pictiúr: Buachaill Óg Tuaithe de chuid Mhaigh Eo, Oladhathanna, Patrick Tuohy

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint