about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Uathoibreachas

click to view fullsize

Dála Dada shíl lucht an Osréalachais gur léirigh caismirtí a linne go raibh an tsibhialtacht bancbhriste. Ní moráltacht traidisiúnta amháin a bhí bancbhriste dar leo ach polaitíocht, eolaíocht, fealsúnacht agus ealaíona chomh maith. Ní raibh an réasún dar le ealaíontóirí ar nós André Breton (1896-1966) in ann ach mionfhadhbanna an duine a réiteach.

Chuir ealaíontóirí a bhí den tuairim seo a muinín ar fad i bpróiseas cruthaitheach a bhí bunaithe ar shíocanailís Sigmund Freud agus a thug scód do fho-chomhfhios na hintinne. D’fhorbair siad teicníocht tobchumadóireachta, an écriture automatique nó uathoibreachas. Thosaigh siad ag péinteáil nó ag líniú nó ag scríobh mar a bheadh an t-ealaíontóir i dtámhnéal ag ligean do shamhla neamhchomhfhiosacha éirí in airde trí deireadh a chur le smacht réasúnach agus le noirm aeistéitiúla.

Tugtar an chreidiúint do Max Ernst (1891-1976) in 1921 as an gcéad phictiúr Eilifint na Celebes a phéinteáil leis an dteicníocht agus d’ André Masson (1896-1987) as an gcéad líníocht a tharraingt. Teicníocht eile uathoibríoch a d’fhorbair siad ab ea an cadavre exquis.

Is iad na himpriseanaithe teibí SAM is mó a ghlac chucu féin an uathoibreachas i ndiaidh an Osréalachais. Fuair siad an teicníocht ó Osréalaithe Nua Eabhrach agus d’fhorbair siad an gníomh-phéintéireacht. Bhí an uathoibreachas ina modh oibre agus ina théama ag an am céanna ina saothar mar a bhíonn sé i gcónaí leo siúd a cleachtann é ar nós les Automatistes.

Catagóir: Téarmaí Ginearálta

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint