about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Ulster Academy of Arts

click to view fullsize



Ulster Academy of Arts

Rinneadh an Ulster Academy of Arts féin den Belfast Art Society sa bhliain 1930 faoi mar a rinneadh an Belfast Art Society féin den Belfast Ramblers' Sketching Club sa bhliain 1890.

Ceapadh naonúr ealaíontóirí mar acadúlaigh nuair a bunaíodh é ar dtús: John Lavery (1856-1941), Mildred Anne Butler (1858-1941), Joseph William Carey (1859-1937), Frank McKelvey (1895-1974), William Conor (1881-1968), James Humbert Craig (1878-1944), Hans Iten (1874-1930), Sophia Rosamund Praeger (1867-1954) agus Georgina Moutray Kyle (1865-1950).

Ceapadh ceathar eile níos moille anonn chun cur lena líon: Charles Lamb (1893-1964), Paul Henry (1876-1958), James Sleator (1885-1950) agus Anne Acheson (1882-1962). Toghadh acadúlaigh eile agus a lán fo-bhaill ina dhiaidh sin.

Toghadh James Humbert Craig mar uachtarán agus John Lavery mar uachtarán oinigh. Reáchtáileadh a chéad taispeántas i Músaem Bhéal Feirste ar an Sruthán Milis sa bhliain chéanna 1930 agus bhí ceithre chéad saothar mar chuid de. Thug Rí Shasana George VI cairt ríoga ar an gcumann sa bhliain 1950 mar chuid den Festival of Britain a thosaigh sa bhliain 1951. Tugadh an t-ainm Royal Ulster Academy of Arts air feasta.

Catagóir: Ealaíona in Éirinn

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint