about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Umbria

click to view fullsize

Umbria, terra di santi e di guerrieri, Umbria, tír na naomh agus na dtrodaithe mar a thugann na hIodálaigh air. Ceantar cnocach é i Lár na hIodáile ar chomhchríoch leis Lazio, ceantar na Róimhe agus an Tuscán. Is iad Perugia, Assisi, Gubbio, Orvieto agus Spoleto na príomhchathracha.

Ceantar dúchais Naomh Froinsias agus Naomh Clár atá ann cé go raibh tionchar láidir ag na Beinidictigh ann rompu.

Tháinig an Renaissance chuig Umbria i bpearsa an phéintéara ó chathair Flórains Masolino da Panicale agus i 1432 rinne sé pictiúir do Séipéal San Fortunato i Todi. Lean Fra Angelico, Benozzo Gozzoli agus Filippo Lippi a shampla. Bhí Piero della Francesca níos tábhachtaí áfach de bharr an tionchar a d’fhág sé ar ealaíontóirí na háite. Bhí scoil phéintéireachta Foligno tábhachtach agus bhí Niccolò di Liberatore bainteach léi.

Bhunaigh ealaíontóirí ar nós Benedetto Bonfigli, Il Perugino (Pietro di Cristoforo Vannucci), agus Il Pinturicchio (Benedetto di Betto) stiúideo-cheardlanna in Perugia a thuill cáil don chathair sin.

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint