about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Voltaire, Cabaret

click to view fullsize



Cabaret Voltaire

Ionad siamsaíochta i gcathair Zürich san Eilbhéis atá cleamhnaithe le búnús an Dadachais. Ar an Satharn an 3ú Feabhra 1916 I Spiegelgasse 1 i gCathair Zürich na hEilbhéise d’oscail Hugo Ball (1886-1927) an Künstlerkneipe Voltaire, ‘tábhairne ealaíontóirí Voltaire’ agus cuireadh seó ar fáil san Cabaret Voltaire. Seó a bhí comhdhéanta de cheol, rince, forógraí, teoiricí, dánta, pictiúir, mascanna agus éadaí.

B’iad Hugo Ball (1886-1927), Emmy Hemmings, Marcel Janco (1895-1984), Tristan Tzara (1896-1963), agus Jean Arp (1886-1966) a bhí freagrach as an oíche. Léigh sé a Verse ohne Worte, (dánta gan focail) nó Lautgedichte (foghar-dhánta) don slua a bhí i láthair.

Foilsíodh an t-aon eagrán amháin den iris Cabaret Voltaire ar an 15ú Meitheamh 1916 agus bhí ábhar ann ó Ball, Vasilii Kandinsky (1866-1944), Arp, Amedeo Modigliani (1884-1920). Ba san iris a luadh an t-ainm dada den chéad uair.

Cuireadh tús le Dada Zürich agus le gluaiseacht Dada ar an mbealach sin a raibh sé d’aidhm acu a bhfíoch agus a bhfuath don éidreoireacht a bhain lena saol comhaimseartha bancbhriste a léiriú, an saol sin a chruthaigh an Chéad Chogadh Domhanda an t-uafás is mó a bhí ann go dtí sin.

Scoiltfeadh an ghluaiseacht Dada ar ball agus d'athródh eite amháin chuig Beirlín agus d'athródh eite eile chuig Páras. D’fhásfadh an osréalachas as Dada Phárais.

An Pictiúr: Hugo Ball san fheisteas a chaith sé don Cabaret Voltaire

Catagóir: Ealaíona na Nua-aoise

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint