about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Volto Santo

click to view fullsize

Téarma Iodáilise a chiallaíonn aghaidh naofa a thagraíonn do shamhail d’aghaigh nó de cheann Íosa Críost. Tagraíonn sé go mór mór do shamhail ar bith dá leithéid a cruthaíodh go míorúilteach.

Is í an chros bheag a choinnítear in San Martino ardeaglais Chathair Lucca na Toscáine an sampla is dearscnaithí den chineál seo samhail. Tá stair chráifeach cruinnithe thart ar an dealbh. Léirítear Críost ar an gcros agus é ag caitheamh ionar fada agus crios um a choim agus coróin ar a cheann. Níl aon fhianaise ar an gcros áfach i gcáipéisí roimh an tríú céad déag.

De réir na staire seo bhí Nicodemus deisceabal Íosa in Iarúsaléim ag iarraidh dealbh d’Íosa a shnoí in adhmaid líomóin de chuid na Liobáine. Bhí roinnt aingeal ag tabhairt comhairle dó san obair seo. Ghabh uamhan é maidir le snoí aghaidh Chríost áfach. Mhúscail sé tar éis suan fada trom agus chonaic sé go raibh an aghaidh snoite go míoruilteach agus an dealbh críochnaithe.

Tugadh an dealbh i gcúram duine darbh ainm Isaccar tar éis bháis Nicodemus. Bhí géarleanúint ar bun ag an am agus chuir seisean i bhfolach i bpluais í. Tháinig an tEaspag Gualfredo ón Iodáil ar oilithreacht don Tír Naofa na céadta bliain ina dhiaidh sin agus tháinig sé ar an ndealbh nuair chonaic sé a áit a folaithe i mbrionglóid.

Rinne an tEaspag Gualfredo iarracht ansin an dealbh a sheoladh trí stiúir Dé ar long gan foireann chun na hIodáile. Tháinig an long mhíorúilteach seo i dtír i gcaladh Luni sa Toscáin. Níorbh fhéidir le muintir Luni dul ar bord uirthi áfach. Bhí brionglóid ag easpag Chathair Lucca áfach faoi ndealbh agus d’éirigh leis dul ar bord agus an dealbh a fháil.

Bhí caismirt ann mar gheall ar sheilbh na deilbhe agus as siocair sin cuireadh an dealbh ar chairt a bhí ceangailte le dhá dhamh neamhoilte gan srathair orthu. Chuaigh na daimh idtreo Chathair Lucca agus cuireadh an dealbh in eaglais San Frediano. An lá dár gcionn fuarthas in Ardeaglais San Martino í.

Tugtar ómós di ansin ó shin. Thug Pápaí agus naoimh cuairteanna ar an ndealbh ó shin agus tuairiscítear gur labhair Críost tríd an dealbh le Naomh Caitríona ó Siena le linn di bheith ag guí os a comhair.

Léaráid : An Volto Santo in Ardeaglais San Martino i gCathair Lucca na Toscáine.

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint