about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Wall, William Guy

click to view fullsize



William Guy Wall, (1792-1864)

Péintéir tírdhreacha in Éirinn agus i Meiriceá.

Rugadh William Guy Wall i mBaile Átha Cliath agus oileadh é ar scoileanna an Dublin Society. Thosaigh sé ag cleachtadh a ghairme i mBaile Átha Cliath ach d’imigh sé don Oileán Úr sa bhliain 1818. Chuir sé faoi i Nua Eabhrach agus tírdhreachha a chleacht sé ansin de radharcanna den Abhainn Hudson agus de chathair Nua eabhrach. Níor tugadh mórán suntas dó go dtí gur foilsíodh trí uisceimireacha agus fiche dá thírdhreacha sa bhliain 1820 mar chuid den imleabhar The Hudson River Portofolio. Bhí ráchairt áirithe orthu ina dhiaidh sin mar mhaisiúcháin ar ghréithe criadóireachta i Sasana.

Bhí sé ar dhuine díobh sin i dteannta an phéinéara portráidí Charles Cromwell Ingham (1797-1863) ó Bhaile Átha Cliath a bhunaigh an National Academy of Design i Nua Eabhrach sa bhliain 1826.

Bhí William i Meiriceá ar feadh ceithre bhliain déag ag glacadh páirt i dtaispeántais an Pennsylvania Academy of Fine Arts i gcathair Philadelphia sular fhill sé ar Bhaile Átha Cliath timpeall na bliana 1832. Thaistil sé an tír ag péinteáil tírdhreacha. Tá a fhios gur ghlac sé páirt i dtaispeántas an Royal Hibernian Academy sa bhliain 1840 agus go raibh sé ar dhuine de na healaíontóirí tírghrácha a chuir an Society of Irish Artists ar bun sa bhliain 1843.

Is cosúil nach raibh a thréimhse in Éirinn inar tharla an Gorta Mór chomh rathúil sin nó d’fhill sé ar Mheiriceá sa bhliain 1856 chun cónaí i Newburgh, Nua Eabhrach agus ghlac post mar theascóir san University of Virginia. Bhí William ar ais in Éirinn arís sa bhliain 1860. D’imigh sé as amharc ansin agus tuairimítear go bhfuair sé bás timpeall na bliana 1864. Tá meas ar a shaothar anois agus tá tírdhreacha óna láimh san Metropolitan Museum of Art i Nua Eabhrach agus san Brooklyn Museum of Art.

Bhí a mhac William Archibald Wall (1820-1875) a rugadh i Nua Eabhrach ach a bhíodh ag obair i Sasana ina phéintéir tírdhreacha chomh maith.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint