about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Watson, Henry

click to view fullsize



Henry Watson (1822-1911)

Is i gCorcaigh is ea a rugadh an péintéir portráidí Henry Watson. Bhí a dheartháir mór Samuel Watson (1818-67) ina liteagafóir agus péintéir seánra agus portráidí. Ní dheachaigh Henry leis na míndána i dtosach a shaoil ach fostaíodh é mar phéintéir ghréis araltacha ar chóistí ina chathair dhúchais.

D’imigh Samuel go Baile Átha Cliath i gcuideachta a dhearthár beag sa bhliain 1836 tar éis bháis a n-athar. Chuaigh a dheartháir Samuel i mbun ghnó ansin mar phortráidí fad agus d’fhreastail Henry ar scoileanna an Royal Hibernian Academy.

Chleacht Henry portráidí agus tírdhreacha nuair a d’fhág sé scoil an acadaimh. Bhí Sir Charles Compton William Domvile (1822-84) a raibh eastáit aige i Seanchill Co. Bhaile Átha Cliath agus i Seantreabh Co. Bhaile Átha Cliath ina phátrún mór aige. Bhí ráchairt air mar phéintéir portráid ach thaispeáin sé a shaothair eile is cosúil leis an Cork Art Union. Bhí spéis aige i bpéintéireacht cóistí i gcónaí agus chleacht sé seo chomh maith.

Fuair Henry Watson bás i mBaile Átha Cliath. Bhí a mhac Samuel Rowan Watson (1853-1923) ina phéintéir chomh maith.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint