about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Watson, Samuel

click to view fullsize



Samuel Watson (1818-67)

Is i gCorcaigh na gcuan is ea a rugadh Samuel Watson an liteagafóir agus péintéir seánra agus portráidí. Rinne sé saothair in uiscedhath agus in oladhath. Bhí a dheartháir beag, Henry Watson (1822-1911) ina phéintéir portráidí agus tírdhreacha chomh maith.

D’imigh Samuel go Baile Átha Cliath i gcuideachta a dheartháir bhig sa bhliain 1836 tar éis bháis a athar. Cé go raibh sé féin measartha óg chuaigh sé i mbun ghnó mar phortráidí. D’fhreastail a dheartháir ar scoileanna an Royal Hibernian Academy.

Is iad na saothair a rinne Samuel sa liteagrafaíocht áfach tar éis an Ghorta Mhóir is mó a bhain cáil amach dó féin agus ar ar chuir sé a bheatha i dtír. Alois Senefelder (1771-1834) as München na Gearmáine a chéadcheap teicníocht na liteagrafaíochta a bhí sí nua in Éirinn ag an tráth sin agus ag éirí tábhachtach i gcúrsaí foilsitheoireachta. Cuimhnítear anois ar na portráidí ó láimh Samuel de cheannairí Éire Óg agus de na léarscáileanna maisithe de bhailte móra na hÉireann a rinne sé.

Ní dhearna sé faillí ar an bpéintéireacht áfach agus thaispeáin sé radharcanna seánra ar nós Na Máistrí Rince i dtaispeántas na bliana 1842 den Art Union i gCorcaigh. Bhí sé ceanúil ar rincí agus thaispeáin sé An Port Éireannach leis an Royal Hibernian Academy. Rinne sé radharcanna staire ar nós Cath Chluain Tarbh chomh maith. Thaispeáin sé é seo i dtaispeántas an Royal Hibernian Academy sa bhliain 1846. Ní raibh Samuel róghnóthach leis an acadamh agus taobh amuigh den bhliain sin níor thaispeáin sé leis arís taobh amuigh den na blianta 1845, 1848 agus 1895.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint