about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

West, Robert

click to view fullsize



Robert West, (?-1770)

Línitheoir a d'fhág glúnta d'ealaíontóirí na hÉireann go mór faoina chomaoin tríd an scoil ealaíne a bhunaigh sé.

Bardasach de chuid Chathair Phort Láirge a bhí ina athair agus rugadh Robert sa chathair chéanna. Ní instear scéal faoi go dtí go mbíonn sé ag freastal ar an Académie Royale de Peinture et de Sculpture i bPáras. Bhí na péintéirí clúiteacha Francois Boucher (1703-70) agus Jean-Baptiste van Loo (1684-1745) mar theagascóirí aige ansin. Chuireadh an acadamh béim ar an líníocht ina chlár teagaisc agus seo rud a thréithrigh gníomhréim Robert féin ina dhiaidh sin. Bhí féith na líníochta ann cheana agus bhuaigh se duais an acadaimh ar son na líníochta.

Bhí Robert ar ais i mBaile Átha Cliath timpeall na bliana 1744 áit ar chuir sé scoil ealaíne dá chuid féin ar bun i Georges Lane. Is cosúil gur faoi thathaint an Dublin Society a chuir sé í seo ar bun agus gur thug an cumann tacaíocht airgid dó. Chuir an Dublin Society scoil dá chuid féin ar bun i Shaw’s Court Sráid an Dáma sa bhliain 1757 agus cuireadh Robert i gceannas uirthi. Níor bunaíodh an Dublin Society féin ach sa bhliain 1731.

Fearacht acadamh na Fraince chuir Robert béim mhór ar an líníocht ón ársa agus ar phastail ar gclár teagaisc na scoile agus scoil den scoth a bhí ann. Chuir sé líníocht oirnéalaidh ar chlár na scoile sa bhliain 1756 agus líníocht ailtiriúil sa bhliain 1764.

Chuaigh Robert an fear bocht as a mheabhair sa bhliain 1763 agus thóg Jacob Ennis a chúraimí anonn. Tháinig Robert chuige féin ar ball agus thóg a sheanchúraimí sa scoil anonn arís. Nior mhair sé ró-fhada ina dhiaidh sin áfach.

Cuireadh a mhac Francis Robert West (1749-1809) ina phost sa scoil ina dhiaidh agus fuair a gharmhac Robert Lucius West (1774-1850) an post ina dhiaidh sin arís.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint