about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Whelan, Leo

click to view fullsize



Leo Whelan, (1892-1956)

Péintéir portráidí agus radharcanna seánra agus roinnt tírdhreacha. Chleacht sé oladhathanna sa chuid is mó.

Rugadh Michael Leo Whelan i mBaile Átha Cliath áit a raibh teach lóistín ag a thuismitheoirí i Sráid Eccles. Chaith Leo a shaol ar fad ina chónaí sa teach seo. Cuireadh scolaíocht air i gColáiste Belvedere agus oileadh san ealaín é sa Metropolitan School of Art i mBaileÁtha Cliath. William Orpen (1878-1931) a bhí mar oide aige ansin agus d'imir sé tionchar ar a shaothar. Bhuaigh Leo duais bhliantúil an Royal Dublin Society, an Duais Taylor i gcomórtas na bliana 1912.

Ba é taispeántas na bliana 1911 an chéad taispeántas de chuid an Royal Hibernian Academy inar ghlac sé páirt. Thaispeáin sé leis an acadamh go dtí an bhliain 1956, bliain a bháis, gan bhliain ar bith a chailliúint. Nuair a bhí a chúrsa istigh leis an Metropolitan School of Art d'imigh sé ar aghaidh chuig scoil Royal Hibernian Academy. Bhí sé ag staidéar ann nuair a bronnadh an scoláireacht Taylor air sa bhliain cinniúnach sin 1916.

Toghadh ina bhall den acadamh é sa bhliain 1924 agus bhí ina theagascóir páirtaimseartha ina scoil. Thaispeáin sé a shaothar ina lán áiteanna éagsúla, taispeántais an Oireachtais agus an Royal Academy i Londain ina measc. Tréithríonn ard-bhailchríoch a lán dá shaothar ach bíonn cóireáil leathimpriseanach ar roinnt dá shaothair seánra.

Cuirtear Leo Whelan in aon ghrúpa amháin le péintéirí leithéid Bhí Seán Keating (1889-1977), Patrick Touhy (1894-1930), Margaret Clarke nee Crilley (1888-1961) agus James Sleator (1885-1915) a bhí ina ndaltaí de chuid William Orpen sa Metropolitan School of Art.

D'éirigh le Leo a bheith ina phortráidí céimiúil. Phéintéail sé portráidí lear mór daoine leithéid John F Costello, Éamann de Valera, Mícheál Ó Coileáin agus Thomas Ashe. Rinne sé aiste chomhrá amháin, Foireann Ginearálta Cheanncheathrú Óglaigh na hÉireann na bliana ag tráth an chonartha le Sasana (1921) atá anois i mBeairic Uí Choileáin i mBaile Átha Cliath. Leo a dhear an stampa ar son Chomóradh chéid Acht Fuascailte na gCaitliceach sa bhliain 1929.

Rinneadh ball den Royal Ulster Academy é sa bhliain 1950. Fuair sé bás i mBaile Átha Cliath.

An Pictiúr: “Jer”, Oladhath, Leo Whelan

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint