about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

White Stag Group

click to view fullsize

Buíon ealaíontóirí a bunaíodh i 1935 i Londain ag na healaíontóirí Sasanacha Basil Rakoczi agus Kenneth Hall. B’ealaíontóirí féinoilte a bhí iontu a raibh dianspéis acu sa síceolaíocht. Bhí baill an ghrúpa faoi thionchar na bhforbairtí a rinneadh sa síceolaíocht agus chreid siad go daingean sa ‘suibiachtúlacht’ agus san Art Moderne.

D’aistrigh Basil Rakoczi agus Kenneth Hall go hÉirinn i 1939 d’fhonn an coinscríobh a sheachaint agus i 1940 chuir siad fúthu i mBaile Átha Cliath. Bhailigh siad ealaíontóirí thart orthu agus reáchtáil siad grúp-thaispeántais agus taispeántais aonair ó 1940 ar aghaidh. Ghlac Mainie Jellet agus Patrick Scott páirt iontu ón tús.

Ba é an Exhibition of Subjective Art an taispeántas is tábhachtaí dá gcuid. Chuir siad saothair ó ealaíontóirí comhaimseartha ón mBreatain agus ón bhFrainc os comhair an phobail, saothar Pablo Picasso ina measc. Shuigh siad a gcuid ealaíon áit éigin i lár báire idir an teibíochas agus an Osréalachas. D’fhill an bheirt bunaitheoirí ar Shasana nuair a bhí an cogadh thart.

Bhí ealaíontóirí agus criticeoirí deimhin de gur thug siad spreagadh agus gur imir siad tionchar dearfach ar an bpéintéireacht in Éirinn le linn an Dara Chogadh Domhanda nuair a bhí an tír teanntaithe, go háirithe a n-uaillmhian thar ceann na n-ealaíon níos mó na rud ar bith eile.

Luaitear Louis le Brocquy, May Guinness agus Patrick Scott mar phéintéirí ar leith a tháinig faoi thionchar an ghrúpa.

Suaitheantas atá sa charrfhia bán a sheasann don chruthaitheacht san Ungáir.

Pictiúr : Bean ina suí le Kenneth Hall, 1940

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint