about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Wilks, Maurice Canning

click to view fullsize



Maurice Canning Wilks, (1910-84)

Péintéir tírdhreacha agus portráidí i scuabóireacht láidir. Rugadh Maurice Canning Wilks i mBéal Feirste agus mac dearthóra línéadaigh a bhí ann. Oileadh sna healaíona é trí freastal ar ranganna oíche san Belfast School of Art. Bhuaigh sé scoláireacht as feabhas a shaothar sa bhliain 1929 agus bhí ar a chumas bheith ina mac léinn lánaimseartha.

Tírdheacha is mó a chleacht sé agus tar éis a staidéir a bheith críochnaithe bhí stiúideo aige i mBun Abhann Doinne i nGlinntí Aontroma. Thaispeáin sé roinnt saothair leis an Royal Hibernian Academy sa bhliain 1933 den chéad uair. Lean sé de seo ar bhonn measartha rialta go dtí an bhliain 1949. Bhíodh saothair aige i dtaispeántas an Oireachtais chomh maith.

Toghadh ina fho-bhall den Ulster Academy of Arts sa bhliain 1935. Bhí taispeántais aonair ag Maurice dá thírdhreacha i mBaile Átha Cliath i ngailearaithe Victor Waddington sa bhliain 1944 agus arís sa bhliain 1946. Tírdhreacha de Ghlinntí Aontroma, de Thír Chonaill agus de Chiarraí is mó a thaispeánadh sé. Bhí baint aige leis an Ulster Watercolour Society nuair a bunaíodh sin sa bhliain 1977. Taispeántas dá shaothar a bhí i gcéad taispeántas an chumainn.

Bhí taispeántais aige i Londain agus i Montreal, Toronto, agus i mBostún chomh maith. Bhí a lán taispeántais aige i dTuaisceart Éireann. Bhíodh sé de nós aige an samhradh a chaitheamh i gCill Fhionntain i mBaile Átha Cliath agus phéinteáil sé a lán tírdhreacha de radharcanna i bhFine Gall agus de Chuan Bhaile Átha Cliath lena linn seo. Tá saothair ón a láimh i Musaem Uladh.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint