about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Willendorf

click to view fullsize

Véineas Willendorf

Is baile beag é Willendorf san Ostair Íochtarach atá suite ar bhruacha Abhainn na Danóibe. Rianaítear stair an bhaile siar go dtí lonnaíochtaí a rinne na Ceiltigh sa cheantar sa chré-umhaois ansin (2,200-750 R.Ch.).

D’ainneoin sin is beag cáil a bhí ar an áit go dtí go bhfuarthas deilbhín chloch aoil ann i 1908 nuair a bhí iarnróid á thógail ann.

Deilbhín atá 4.5 cm ar airde de bhean ró-ramhar atá ann agus baineann sé leis an ré PALAELIOTACH ann, an tréimhse 30,000-18,000 R.Ch.

Tugadh an Véineas Willendorf ar an ndeilbhín agus tá sé anois san Naturhistorisches Museum i gCathair Vín.

Síleadh i dtosach ón chruth ró-ramhar, an bhéim a chuirtear ar na cíocha agus ar an bpit gur íol ar nós Véineas nó an mháthair-bhandia a bhí ann. Síltear anois go raibh feidhm draíochta aige mar dheilbhín torthúlachta.

Bhí an deilbhín brata le h-ócar dearg tráth. Fuarthas a lán deilbhíní cosúla ar láithreacha eile san Eoraip ó shin.

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint