about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Woods, Padraic

click to view fullsize



Padraic Woods, (1893-1991)

Péintéir tírdhreacha, pictiúir seánra agus portráidí i stíl an Nádúrachais.

Rugadh ar an Iúr i gContae an Dúin é agus oileadh sna healaíona ar an Scoil Ealaíne é i mBéal Feirste. Thosaigh sé ar chúrsa staidéir ansin sa bhliain 1908. Chruthaigh sé go maith ann ag buachtaint scoláireacht chun freastal at Coláiste Phádraig i nDroim Conrach.

D’fhill Padraic ar Bhéal Feirste sa bhliain 1914 agus fuair post lánaimseartha múinteoireachta. Choinnigh sé leis an freastal go dtí an bhliain 1917 ar ranganna ealaíne sa Scoil Ealaíne ag an am céanna.

In aimsir seo an Chéad Chogadh Domhanda chuir sé aithne ar an bpéintéir James Humbert Craig (1877-1944) agus bhunaigh cairdeas leis a mhair go bhfuair James Humbert bás.

Bhí a chéad taispeántas ag Padraic leis an Belfast Art Society sa bhliain 1920. Lean sé leis ag péinteáil agus méadaíodh ar an meas a bhí ar a shaothar. Cuireadh an Ulster Academy of Arts ar bun sa bhliain 1930 agus togadh Padraic ina fho-bhall de an bhliain dar gcionn. D'imigh sé sa bhliain sin 1931 chuig Oileán Acla agus chaith dhá bhliain ansin ag péinteáil ansin agus i dTír Chonaill agus i gConamara. Bhí cuid de na saothair seo i dtaispeántas an Oireachtais agus an Royal Hibernian Academy sa bhliain 1932. Choinnigh sé taispeántais an acadaimh go dtí an bhliain 1973 go measartha rialta.

Sa tréimhse roimh an Dara Chogadh Domhanda rinne sé turasanna thar lear don Bhriotáin agus don Eilbhéis. Rinne sé portráidí agus tírdhreacha cé go raibh sé fós ina múinteoir lánaimseartha. Chuaigh sé amach ar phinsean luath sa bhliain 1946 agus bhí ina phéintéir lánaimseartha uaidh sin amach. Bhí baint i gcónaí aige le taispeántais an Ulster Arts Club agus ceapadh ina uachtarán air sa bhliain 1948. Bhí a chéad taispeántas aonair aige sa bhliain 1954 i mBéal Feirste agus ceann eile ina dhiaidh sin i mBaile Átha Cliath. Taispeánadh saothair óna láimh i dteannta saothair ó William Conor (1881-1968) agus ó Rowel Friers (1920-98) ag an Royal Ulster Academy. Thug sé turasanna ar an Spáinn, an Fhrainc agus ar an Iodáil.

Bhí Padraic faoi mheas oifigiúil agus ceapadh ina ghobharnóir ar an gColáiste Ealaíne i mBéal Feirste sa bhliain 1964. Bhí taispeántais gradamúla eile aige, taispeántas aonair in Ollscoil na Banríona sa bhliain 1968 ina measc. Reáchtáileadh taispeántas aisbhreathnaitheach dá saothar i Leabhlann Halla an Línéadaigh i mBéal feirste. Fuair sé bás i gCo. an Dúin agus é i ngar don chéad. Tá eiseamláirí dá shaothar sa Ghailearaí Náisiúnta, an Dublin City Gallery agus i mbailiúchán Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint