about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Yeats, Jack Butler

click to view fullsize

Jack Butler Yeats, (1871-1957)

Péintéir Eispriseanach seánra agus maisitheoir bisiúil a áirítear go minic a bheith ar an bpéintéir is tábhachtaí a tháinig as Éirinn san fhichiú céad. Bhí luí ar leith aige ina phictiúir le capaill agus rásaíocht na gcapall, aonaigh, sorcais agus hallaí ceoil. Samhlaítear a shaothar go minic leis an bhfás a tháinig ar an náisiúnachas i leath tosaigh an fhichiú céad.

Ba mhac é Jack Butler Yeats don phéintéir portráidí John Butler Yeats (1839-1922) agus ba dheartháir dó an file William Butler Yeats a bhí níos sine ná é. Bhíodh a athair agus a theaghlach anonn is anall idir Éirinn agus Sasana dá bhrí sin rugadh Jack i Londain. Cuireadh an páiste chuig muintir a mháthar i Sligeach lena thógáil sa bhliain 1875 agus thagadh an teaghlach ar fad ar ais chun an samhradh a chaitheamh leis i Sligeach.

Cuireadh oideachas príobháideach air i Sligeach agus tuairiscítear go mbíodh sé ag líníocht de shíor. Cuireadh oiliúint fhoirmeálta san ealaín air i Sasana nuair a d’fhreastail sé ar scoileanna ealaíne Westminster, South Kensington agus Chiswick i Sasana.

Is ag obair mar mhaisitheoir d’irisleabhair agus do nuachtáin agus mar línitheoir stiallchartúin a chuir sé a bheatha i dtír sa tréimhse seo agus d’íoc sé as a scolaíocht féin.

Mhaisigh sé stiallchartún de Sherlock Holmes sa bhliain 1894 mar shampla. D’fhág a thaithí mar mhaisitheoir rian ar a shaothar ar fad sa mhéid is go dtréithríonn gné láidir scéaltach é. Taobh amuigh dá mhaisiúcháin rinne Yeats saothair eile in uiscedhath, dubh agus bán go mór mór, sa tréimhse seo.

Phós sé Mary Cottenham White sa bhliain 1894 agus chuir an lánúin fúthu in Darmouth. Bhí a chéad taispeántas aonair aige sa bhliain 1897 i Londain agus radharcanna de rásaíocht capall i Devon a bhí ina lán acu. Bhí an rath ar an taispeántas.

Thosaigh Yeats ag casadh de réir a chéile ar oladhathanna ón mbliain 1897 ar aghaidh. Bhí sé ina eagarthóir agus ina mhaisitheoir ar na iris Broadsheet (1908-15). Thóg sé an cúram seo air féin chun cabhrú lena dheirfiúracha Elizabeth agus Susan ina bhfiontar - an Cuala Press a bhunaigh siad sa bhliain 1908. Rinne sé an rud ceanann céanna arís sna 1930-idí le A Broadside chun cabhrú arís leo.

Oladhathanna a bhí sa chuid is mó dá shaothar sa bhliain 1905 agus aithnítear anáil na nImpriseanaithe ar chuir sé aithne orthu ó bhailiúchán Hugh Lane a bheith orthu.

Thosaigh sé ón mbliain 1899 amach ag glacadh páirte i dtaispeántas an Royal Hibernian Academy agus rinneadh ball iomlán den acadamh de sa bhliain 1915. Fuair sé coimisiúin ó John Millington Synge sa bhliain 1905 chun na maisiúcháin do dhá alt déag ar na ceantair chúnga a dhéanamh.

D’imigh sé go Nua Eabhrach sa bhliain 1905 agus bhí cúpla taispeántais aonair aige thall. D’fhill sé ar Éirinn sa bhliain 1910 agus chuir faoi sna Clocha Liatha i gCo. Chill Mhanntáin. Is faoin ainm cleite W. Bird a rinne sé maisiúchán do Punch Magazine ar feadh na mblianta ó 1910 go dtí 1939. Bhí cúig phictiúir uaidh sa taispeántas tábhachtach Meiriceánach; an Armory International Exhibition of Modern Art, Nua Eabhrach a reáchtáileadh sa bhliain 1913. D’aistrigh Jack go Baile Átha Cliath sa bhliain 1917.

Thosaigh a stíl phearsanta ag dul i dtreo an Eispriseanachais ó timpeall na bliana 1920 ar aghaidh agus a pháiléad ag éirí níos ildaite. Bhain sé feidhm as impastó tiubh maraon le saorscuabóireacht agus thosaigh gné an tSiombalachais ag fás ina shaothar. Thug an péintéir Eispriseanach mór le rá Oskar Kokoschka (1886-1980) cuairt ar Éirinn sna blianta 1928-29 agus d’éirigh Yeats cáirdiúil leis.

Údar a bhí i Jack chomh maith agus d’fhoilsigh sé na leabhair Sligo (1930), Sailing, Sailing Swiftly (1933), The Amaranthers (1936), Ah, Well (1942), And To You Also (1944) agus The Careless Flower (1947). Scríobh sé naoi ndráma chomh maith.

Reáchtáileadh taispeántais aisbhreathnaitheacha dá shaothar sa National Gallery, Londain sa bhliain 1942, Baile Átha Cliath sa bhliain 1945, Leeds sa bhliain 1948 agus an Tate Gallery Londain sa bhliain 1948. Fuair sé bás i mBaile Átha Cliath agus taispeáineadh a shaothair dheireannacha i dtaispeántas iarbháis i Londain sa bhliain 1958.

An Pictiúr: An Fháinne Bheag (1930 An Gailearaí Náisiúnta)

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint