about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Yeats, John Butler

click to view fullsize



John Butler Yeats (1839-1922)

Péintéir céimiúil bisiúil portráidí a rugadh i gContae an Dúin, áit ina raibh a athair ina reachtaire de chuid Eaglais na hÉireann. Dá mhéid a cháil is mó cáil a bheirt mhac an péintéir Jack Butler Yeats (1871-1957) agus an file Bhéarla William Butler Yeats.

D’fhreastail John Butler Yeats ar Choláiste na Tríonóide sa bhliain 1857 agus bhain céim san Fhealsúnacht is sa Léann Clasaiceach amach sa bhliain 1862. Phós sé Susan Mary Pollexfen an bhliain dar gcionn. Rinne sé staidéar ansin i King's Inns agus cháiligh mar dhlíodoir sa bhliain 1866. Chuaigh sé i mbun gairme mar dhlíodóir ar feadh tréimhse gairid ach chaith sé seo agus an ioncam a ghabh leis i dtraipisí chun staidéar a dhéanamh ar na bpéintéireacht i Londain.

Thóg sé an teaghlach leis agus rinne staidéar ag Scoil Phríobháideach Ealaíne Heatherley agus ag Scoil Ealaíne Slade. Chaitheadh an teaghlach an samhradh i Sligeach i dteach mhuintir a mhná. Mhair Yeats agus an teaghlach ag aistriú ó Éire go Sasana af feadh blianta fada. Fuair sé eastát beag de 626 acra mar uacht óna athair i gCo. Chill Dara agus agus bhí sé ag brath ar an gcíos uaidh seo agus ar an ioncam ó phortráidí agus ó mhaisiúcháin chun a bheatha a chur i dtír.

Bhí sé traidisiúnta ina theicníocht phéintéireachta ach aithníodh bua ar leith a bheith aige chun breith ar thréithe an chuspóra. Oibrí mall a bhí ann chomh maith rud a bhréagnódh úire na bpictiúir agus a líon. Fuair a bhean Susan bás sa bhliain 1900 agus d’aistrigh an teaghlach ar ais go Baile Átha Cliath arís.

Reáchtáil Sarah Purser (1848-1943) agus Edward Martyn (1859-1923) taispeántas dúbailte idir eisean agus an péintéir Nathaniel Sóisearach (1831-1917) sa bhliain 1901. D’éirigh thar barr leis seo agus ag éirí as seo thug Hugh Lane coimisiúin dó sraith phortráidí de phearsantachtaí móra an Renaissance Liteartha a phéinteáil. Ní dhearna sé an t-iomlán acu riamh. Dhírigh sé ar an dream a thaitin leis féin agus tá cuid de portráidí sin ar nós iad siúd de chuid John Millington Synge, George Moore, Lady Gregory, Susan Mitchell agus John O’Leary sa Ghailearaí Náisiúnta anois. Tá portráidí dá chlann, William Butler Yeats agus Susan Butler Yeats sa Ghailearaí chomh maith.

Bhí taispeántas ag Lily Butler Yeats sa bhliain 1908 i Nua Eabhrach agus d’imigh John a hathair anonn ina cuideachta. Ní raibh sé i gceist aige fanacht ró-fhada i Nua Eabhrach ach thosaigh gníomhréim nua dó thall agus d’fhann ann an chuid eile dá shaol.

Phéinteáil sé portráidí, scríobh sé aistí agus léirmheasanna agus thug aithisc uaidh. Chuir sé aithne ar ealaíontóirí móra na cathrach sin, baill an Ashcan School go mór mór. Is as an aithne a bhí aige air a thug an péintéir Robert Henri (1865-1929) cuairt ar Éirinn agus gur cheannaigh sé teach i Maigh Eo.

D’imigh Yeats amach lá ar shiúl fada lá fuar agus chuaigh an fuacht isteach ina chnámha. D’éirigh sé breoite agus chuaigh seo in ainsil air agus fuair sé bás. Cuireadh thall é i reilig Chesterton, baile beag de chuid Nua Eabhrach.

An Pictiúr: Portráid de William Butler Yeats mac an ealaíontóra

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint