about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Zapoteic

click to view fullsize

Ealaín agus sibhialtacht na Zapoteic

Sibhialtacht Réamhcholambasach agus pobal fós de chuid Mheicsiceo. Bhí an bunús céanna acu agus a bhí ag a gcomharsain na Misteic. Thug siad Ben-Zoa, muintir na scamall orthu féin toisc go raibh a mbunús sna hardtailte i nDeisceart Mheicsiceo.

Bhain siad le Gleann Oaxaca i Meicsiceo go mór mór. Tagann an t-ainm Zapoteic ó Tzapoteca an focal Nahuatl, teanga na n-Astacach, don chrann Zapote mar shíl siad gur de shliocht an chrainn sin iad.

Bhí a mbunús dá bhrí sin an chosúil le búnús na Misteic agus meascadh an dá chine i bhfad níos déanaí.

Tagann siad chun solais c. 3,000 R.Ch. ar a dhéanaí. Bhí gréithe criadóreachta le coirp tiubha á dhéanamh acu agus iad ag maireachtáil i lonnaíochtaí measartha mór sa tréimhse idir 600 agus 200 R.Ch.

Bhí a lán tionchair cultúrtha orthu, tionchair na sibhialtachtaí ó dheas, Teotihuacán agus na Maigheach go mór mór. Bhunaigh siad Cathair Danibaan (Sliabh coisricthe) nó Monte Albán sa Spáinnis a bhí mar phríomhchathair acu c.400 R.Ch. ar mhullach sléibhe. Bhí daonra thart ar 15,000 inti thart ar 200 R.Ch.. Bhí sí in airde a réime faoi c. 400 A.D. le daonra de 25,000.

Rinneadh stát lárnaithe de chríocha na Zapoteic faoi cheannas rítheaghlach chathair Zaachila le Teozapotlan mar phríomhchathair idir 700 A.D. agus 1000 A.D. acu.

Ghabh na Zapoteic cathair Mitla nó Mictlan a mbíonn cáil uirthi i gcónaí de bharr a dealbhóireacht ailtiriúil. Thosaigh na Tolteic agus na Chichimeic ag brú na Misteic ó dheas ó deichiú céad ar aghaidh. Fuair siad-san forlámhas ar Ghleann Oaxaca c.900 A.D. rud a chuir iachall ar na Zapoteic Monte Albán a thréigean agus bogadh ó dheas agus lonnaíochtaí ar nós Tehuantepec a ghabháil ó chiníocha eile.

Rinne siad comhghuaillíocht leis na Misteic chun cur i gcoinne na nAstacach ach ní raibh ach torthaí measartha ar seo. Rinne siad comhghuallaíocht leis na hAstacaigh ar ball a bhí níos sásúla dóibh. Cé go ndearna siad comhghuallaíocht leis na Spáinnigh fuair nócha faoin gcéad dá muintir bás le linn na chúigiú agus séú chéag déag de ghalair éagsúla uathu.

Dála na Misteic rinne siad ealaín dhearscnaitheach de mhaisiú lámhscríbhinní déanta as seithí fianna. Dhéanaidís criadóireacht ar dhath dubh agus gréithe polachrómatacha, gréithe miotail maille le teicstílí den scoth. Cleachtann siad a n-ealaíona dúchasacha fós.

Léaráid : An bandia Quetzal léirithe i riocht próca cré bhruite. Bhí prócaí mar seo an-choitianta sa chultúr Zapotec tráth. Baineann an próca leis an tréimhse 200-400 AD agus tháinig sé ó chathair Monte Alban.

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint