about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Zenga

click to view fullsize

Is téarma ón tSeapáinis é Zenga a chiallaíonn pictiúir Zen a thagraíonn do dúchphéintéireacht dána spontáineach a mbíonn cáilíochtaí an sceitse aige a rinneadh faoi thionchar an Bhúdachas Zen. Bhí a lán a chleacht é ina sagairt nó ina mná rialta agus ní ina ealaíontóirí proifisiúnta agus ní raibh meas ealaíne uirthi ar feadh i bhfad.

Tosaíonn Zenga sa tréimhse Muromachi (1392-1568 A.D.) ach bhí ráchairt ar leith ar an stíl sa tréimhse Edo (1615-1868). Tírdhreacha is mó a cleachtadh sa tréimhse luath.

Is féidir bunús an Zenga a rianú siar go dtí Konoe Nobutada duine d’uasalaicme Kyoto agus d’Ikkyu (1394-1481 A.D.) manach i mainistir Daitoku-ji i Kyoto a bhí ann a chleacht an dúchphéintéireacht.

Smaoineamh a bhíonn lárnach do Zenga is ea gur féidir leis an péintéir a charachtar nó a spiorad a chur isteach i bpictúr trí dianmhachnamh le linn péinteála. Tugtar bokki ar an gcáilíocht spioradálta seo i Zenga. Tugtar taitneamh agus meas do seo níos mó ná don ghné radharcach de phictiúr.

Baineadh feidhm as pictiúir mar áiseanna teagaisc agus léirsmaoinimh i Zen. Bhí Hakuin (1685-1768) agus Sengai (1750-1837) ar bheirt de na healaíontóirí is mó cáil a chleacht an stíl.

Pictiúr, Hakuin Ekaku (1685-1768), An Droichead ag Mama

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint