about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

ancaire

click to view fullsize

Tá an t-ancaire ar cheann de na samhailchomharthaí Críostaí is sine atá ar eolas. Bhí feidhm aige roimhe sin áfach mar shamhailchomhartha a sheas don sábháilteacht agus don daingne. Síltear go raibh bunús Éigpteach leis an ngréas i dtosach cé gur bhain roinnt ríochtaí de bhunadh Gréagach feidhm as ar feadh tamaill.

Cros fholaithe atá ann agus déanann an trasnán cros leis an stoc. Bhain Críostaithe in Impireacht na Róimhe feidhm as ó dheireadh an aonú chéad A.D. ar aghaidh ar leachtanna uaighe mar shamhailchomhartha folaithe dá gcreideamh i gCríost.

Faightear an t-ancaire i gCatacómaí na Róimhe ar nós iad siúd de chuid San Domitilla. D’éirigh sé níos coitianta fós sa dara chéad agus faightear iliomad samplaí de i gcatacómaí San Priscilla, San Domitilla, San Calixtus agus an Coemetarium Majus.

Tá tagairtí don ancaire gann go leor sa Bhíobla ach ceanglaítear an samhailchomhartha Críostaí le Naomh Pól agus le hEabhraigh 6:19, ‘ Is cosúil le hancaire daingean docht dár n-anam an dóchas sin.’

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint