about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

campanile

click to view fullsize

An leagan Iodáilise de chloigtheach. Bhíodh an cloigtheach Iodálach ina shaorsheasamh gar don eaglais ach ní bhíodh sé ceangailte léi. Tógadh iad in aice hallaí baile chomh maith. Forbairt measartha déanach a bhí sna campanili agus tagann siad chun solais ón séú céad A.D. ar aghaidh cé nach raibh siad coitianta go dtí ré an Rómhánúlachais.

Bhí bonnchló cruinn ar na campanili a bhí bainteach le dlínse Ravenna fearacht na cloigthithe Gaelacha agus bhí bonnchló cearnógach ar na cinn a bhain le dlínse na Róimhe. D’éirigh an bonnchló cearnógach níos coitianta ná an bonnchló cruinn ón ochtú céad AD ar aghaidh.

Bhíodh feidhm túrtha faire ag na campanile rud a thuairimítear faoi na cloigthithe Gaelacha chomh maith. Bhí tábhacht mar shéadchomharthaí cathrach ag na campanili agus chuaigh cathracha agus paróistí in iomaíocht le chéile chun campanili arda agus ollásacha a thógáil. Tugann na hIodálaigh Campanilismo ar chineál tírghrá an-áitiúil. Thógtaí campanili i mbrící de ghnáth agus chuirtí fásáil cloiche orthu uaireanta ina dhiaidh sin. I measc na campanile is mó cáil tá na cinn cruinne i Ravenna agus Pisa, agus na cinn cearnóga i bhFlórains agus an Veinéis.

Pictiúr : an campanile taobh le Baisleac San Apollinaris i Ravenna na hIodáile.

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint