about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

chi-rho

click to view fullsize

Tugtar críostagram ar an chi-rho chomh maith. Samhailchomhartha nó suaitheantas Críostaí comhdhéanta de na litreacha chi agus rho, túslitreacha an ainm Gréigise Christos a bhíonn ann.

Is ionann an litir Χ san aibítear Ghréagach agus chi, agus fuaimnítear Ρ mar rho, dá bhrí sin is ionann chi-rho agus XP. Cuirtear na litreacha anuas ar a chéile nó cuirtear an X ar stoc an P de ghnáth. Uaireanta cuirtear isteach i lár samhailchomhartha eile iad, i mbláthfhleasc labhróga a sheasann féin don bhua.

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint