about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

duomo

click to view fullsize

Téarma Iodáilise a thagraíonn d’ardeaglais nó eaglais thábhachtach go mór mór agus ceann de chuid na hIodáile go háirithe.

Pictiúr : Duomo nó ardeaglais Siena na hIodáile.

Is í Siena príomhchathair na Toscáine agus glactar lena canúint Iodálaise mar Chaighdeán na hIodáile. Tógadh an Duomo idir na blianta 1215 agus 1263 AD. Baineadh feidhm as marmar bán agus dúghlas san fhoirgneamh mar is iad dubh agus bán dathanna Chathair Siena. Baineadh feidhm as roinnt marmair dearg in éadan na heaglaise. Rinne Duccio di Buoninsegna (c.1255-1319) na dearthaí don rósfhuinneog.

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint