about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

gloine dhaite

click to view fullsize

fuinneoga ghloine dhaite

Gloine fuinneoige a bhíonn daite le linn a dhéanta agus ar féidir a smálú chomh maith chun líníoctaí agus mionsonraí breise a chur isteach.

Tugtar dath don ghloine trí ocsaídí miotalacha a chomhtháthú léi. Tugann airgead mar shampla dathanna óir agus buí, tugann ór dathanna láidre corcra, tugann cóbalt dathanna gorma agus tugann copar dathanna glasa agus dubhdhearga.

Bhí bunús na teicníochta gloine dhaite i sibhialtacht na mBiosántach in oscailtí i scáileáin a dhéantaí a líonadh le gréasa de ghloine dhaite agus de mhósáicí. Tá samplaí de scáileáin den chineál seo gloine dhaite le fáil ón ochtú céad AD i Ravenna na hIodáile. Ach is sa Fhrainc is luaithe a fhaightear giotaí gloine dhaite i mbandaí H-chruthacha, faightear iad ón ochtú céad agus ón naoú céad A.D. ann.

Tá na fuinneoga is sine atá ar marthain in Ardeaglais Augsburg agus baineann siad le c.1050-1150 A.D.

Áirítear an tréimhse 1150-1250 A.D. mar barrchéim na gloine dhaite agus ba dhlúthchuid í den ailtireacht Ghotach.

Scríobh Theophilus sagart, De Diversis Artibus, tráchtas am éigin thart ar 1125 A.D. ina ndearna sé cur síos ar theicníocht an ghloine dhaite de chuid na meánaoiseanna. Níor athraigh sé mórán ó shin.

Ón chúigiú chéad déag ar aghaidh ar feadh trí chéad bliain d’imigh an ghloine dhaite i dtreo na painéalphéintéireachta, gloine bhán le gréasa i bpéint orthu. Bhí ráchairt ar leith ar armas ar chúlraí simplí trédhearcacha agus na bandaí luaidhe faoi cheilt iontu.

Filleadh ar theicníochtaí na meánaoiseanna le gluaiseacht na healaíncheardaíochta san naoú céad déag le Edward Burne-Jones (1833-98) a bhí faoi anáil William Morris. Rinne ealaíontóirí an fhichiú chéad ar nós Marc Chagall (1887-1985), Henri Matisse (1869-1954) agus John Piper (1903-92) saothair i ngloine dhaite.

Tháinig forás ar an ngloine dhaite in Éirinn ag tús an fhichiú chéad le saothar an Túr Gloine. Maireann saothar Harry Clarke (1889-1931), Michael Healy (1873-1941), Sarah Purser (1848-1943), Evie Hone (1894-1955) agus Patrick Pye (1928-) inti faoi mheas i gcónaí agus rinneadh cuid shuntasach d’ealaín na hÉireann di.

Pictiúr : An Croí Ró-Naofa agus na Naoimh Íosánacha i dTeach Manresa, Baile Átha Cliath le Evie Hone. Le caoinchead Cumann Íosa na hÉireann.

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint