about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

japon

click to view fullsize

Páipéar tanaí lámhdhéanta d’ardchaighdeán nó páipéar monartha a bhíonn cosúil leis. Bhí a bhunús sa tSeapáin mar a thugann an t-ainm le fios. Bíonn dath éadrom air, dath an eabhair de ghnáth agus bíonn corrshnáithíní le feiceáil tríd. Bhí snáithíní ón gcrann maoildeirge mar chomhchuid thábhachtach de. Bhí agus tá fós ráchairt ar japon ar son clónna ealaíne de gach cineál.

Rinneadh athbheochan ar ealaín dhéantús an pháipéir lámhdhéanta mar chuid den Ealaíncheardaíocht agus baineadh feidhm as i ndéanamh leabhair lámhdhéanta. Ba iad Cuala Industries agus an Dun Emer Guild na samplaí is dearscnaithí de seo in Éirinn. Tá sé de nós in Éirinn anois bláthanna agus duilleoga agus cumhráin áitiúla a chur tríd an japon nuair a bhíonn sé á dhéanamh rud a cheanglaíonn é leis an gceantar as a dtáinig sé.

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint