about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

kore

click to view fullsize

kore iol. korai agus kouros, iol. kouroi

Dealbha fireannanacha agus baineannacha a thréithríonn ealaín na tréimhse ársa (c. 600 – c. 480 R.CH.) sa Ghréig. Tugtar kore, maighdean ar fhíor baineann a léirítear ina seasamh i gcónaí. Bíonn siad ar thomhas nádúrtha nó níos lú. Léirítear an kore, maighdean faoi fhallaingeach i gcónaí. Dealbh d’fhíor fireannach a bhíonn sa kouros, ógánach agus murab ionann agus an kore, maighdean léirítear nocht i gcónaí iad. Bíonn na dealbha na kouroi ar thomhas nádúrtha nó níos mó uaireanta.

Fágann sin go mbaintear feidhm as an kore chun staidéar a dhéanamh ar fhobairt léiriú na bhfallaingeacha i measc na nGréagach agus as an kouros chun staidéar a dhéanamh ar fhorbairt na hanamataíochta.

Léirítear an kouros, ógánach leis an gcos chlé chun tosaigh agus na lámha dlúth leis na láirige. Bíonn siad ag breathnú díreach rompu agus bíonn siméadracht láidir le sonrú orthu chomh maith.

Léirítear an kore, maighdean le cos chun tosaigh ar an gceann eile chomh maith. Bíonn an gúna i ngreim ag lámh amháin ag an láirig agus bíonn bronntanas do na déithe sa lámh eile. Bíonn cuma óg ar na fíortha rud a thugann an t-ainm dóibh.

Tréithríonn Meangadh na hársaíochta na korai agus na kourai. Síltear gur éirigh sé i dtosach as na deacrachtaí teicniúla a bhí ag na snoíodóirí agus gur chloídh leis de bharr na hanamúlachta agus na n-indibhidiúlachta breise a thug sé do na fíortha, luachanna a bhí faoi mheas i gcultúr na nGréagach.

Is féidir forbairt chanóin choibhneasa na nGréagach a rianadh sna fíortha kore agus kouros. Bhí na turgnaimh seo ar fad ag brath ar siséil iarainn ar ndóigh a d’éirigh coitianta sa Ghréig timpeall ar 500 R.Ch. Thángthas ar líon mór korai, maighdeana i bfothrachacha an Acrapail i gCathair na hAitéine, níos mó an chuid den Ghréig le chéile.

Fearacht na dealbhóireachta ar fad beagnach go dtí an Renaissance bhíodh na korai agus kouroi faoi bhrat phéinte. Bhaintí feidhm as Dathdhóite chuige seo. Líonna trí chéir a leatar nuair a bhíonn sé te a bhíonn i gceist leis an teicníocht seo. Baineadh feidhm as dathdhóite ní amháin ar dhealbha ach i múrphictiúir chomh maith, ar bhaill ailtireachta agus ar Phainéalphéintéireacht.

Bhí feidhm cosainte i gcoinne an chreimeadh ag an ndathdhóite chomh maith le feidhm mhaisithe. Bhí seo tábhachtach ag an tús as siocair gur snoíodh in aolchloch bhog iad ag an tús cé gur ghairid gur iompaigh na snoíodóirí ar an marmar.

Cén feidhm a bhí leis na dealbha seo? Is cosúil gur chreid na Gréagaigh go raibh beatha spioradálta ag na dealbha seo. Chuirtí i dteampaill iad chun guí a dhéanamh ann in ionad an bhronntóra a bheadh róghnóthach lena chúramaí féin le bheith i láthair. Baineadh feidhm as corrcheann mar leachtanna uaighe. Tá seo ar eolas toisc gur ghnáthach inscríbhinn measartha fada a chur orthu ag míniú a bhfeidhm san áit ina raibh siad. Bíonn na hinscríbhinní breactha ar fhallaingeacha na korai uaireanta.

Pictiúr : Gréagach Tréimhse Ársa "Bandia Bheirlín " kore ó Keratea, c. 570-560 R.Ch. Musaem Pergamon, Beirlín.

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint