about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

mandorla

click to view fullsize

Téarma Iodáilise a chiallaíonn almóinn a thagraíonn do naomhluan ar dhéanamh almóinne a bhíonn timpeall ar fhíor diaga, m.sh. ar fhíor d’Íosa tar éis a aiséirithe.

Comharthaíonn an mandorla diagacht de ghnáth murab ionann agus an naomhluan cruinn a chomharthaíonn naofacht.

Comhghnás Críostaí de chuid na meánaoiseanna a bhí ann agus síltear go raibh a bhunús san ealaín Chlasaiceach.

Tá ceann de na samplaí is sine de mandorla le fáil in mosaící in ardeaglais Santa Maggiore sa Róimh agus baineann sé leis an gcúigiú céad. Bhí ráchairt faoi leith air sa tréimhse Ghotach ach éiríodh as léiriú an mandorla le teacht an Renaissance.

Pictiúr : Críost i mandorla ón tréimhse Ghotach, samhailchomharthaí na Soiscéalaithe timpeall air, Ardeaglais Chartres, doras thiar.

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint