about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

oibilisc

click to view fullsize

Colún barrchaol cloiche, monailiot de ghnáth, cearnógach ag an mbun agus ina trasghearradh ag críochnú le pirimidín ag an mbarr. Bhíodh an monailiot fosaithe ar bhonn ciúbach le céim nó dhó cloiche faoi chomh maith. Cé go mbíonn méid éagsúla iontu bíonn na cinn mhóra thart ar 25m ar airde de ghnáth. Tá an oibilisc na Ríona Hatshepsut ag Al Karnak 29.7m ar airde.

Tréithríonn oibiliscí ealaín agus ailtireacht na Sean-Éigipte agus bhí ráchairt orthu mar shamhailchomharthaí gréine. Bhíodh an pirimidín (an benbenet a thug na hÉigiptigh air) ag an mullach brata le miotal loinnireach tráth (copar de ghnáth) a frithchaithfeadh gathanna na gréine. Bhíodh aghaidheanna an phioramaidín gearrtha ag 60° chuige seo.

Ba ghnáth oibiliscí a thógáil ina bpéirí os comhair dhoirse teampaill, os comhair bhealach isteach theampaill na gréine go háirithe. Bhídís snoite as eibhear dhearg nó bándearg a thagadh as cairéal Syene san Éigipt agus bhí siad maisithe le hIairiglifeanna de ghnáth. Shantaigh a lán ciní eile iad agus tógadh a lán acu ar shúil ón Éigipt ag tosú leis na Rómhánaigh agus na Gréagaigh.

D'ardaigh Constaintín Mór an oibilsc is mó atá ar eolas don Róimh, é siúd de chuid Faró Tethmosis III atá 31m ar airde gan an bonn san áireamh agus a bhaineann le 1500 R.Ch. Cuireadh in airde é san Circus Maximus. Chuir an Pápa Sixtus V in airde arís é san Piazza Giovanni Laterano.

Tógadh an oibilisc atá anois os comhair Eaglais Pheadair sa Róimh don Róimh ón Éigipt in 37 A.D. Bhí meáchan 440 tonna ann agus cuireadh in airde é ar Chnoc na Vatacáine. Chinn an Pápa Sixtus V é a bhogadh agus a chur suas os comhair Eaglais Pheadair. Rinneadh é seo sa bhliain 1585. Iarradh ar Michelangelo Buonarotti (1475-1564) bheith freagrach as ach dhiúltaigh sé don chúram leis an gceist “Cad a tharlóidh má bhriseann sé?” Rinne Domenico Fontana an beart le 140 capall agus 900 fear.

Tá oibiliscí Éigipteacha i bPáras na Fraince, i Londain Shasana agus i Nua Eabhrach. Go deimhin as an seacht n-oibilsc agus triocha a bhí san Éigipt tráth níl ach seacht gcinn díobh fágtha san Éigipt. Tagann an téarma oibilisc ó obeliscus na Laidine a thagann féin ó nGréigis obelískos a chiallaíonn "sleá-chruthach."

Pictiúr : Oibilisc Éigipteach a cuireadh suas san Place de la Concorde i bPáras na Fraince.

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint