about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

pirimid

click to view fullsize

Is ionann pirimid agus fíor sholadach a mbíonn triantán nó cearnóg mar bhonn aige agus go dtagann na taobhanna le chéile chun pointe a dhéanamh ag an mbarr. Rud a fhágann go mbíonn na taobhanna ina dtriantáin.

Tagraíonn sé d’fhoirgnimh ar an ndéanamh seo agus is iad pirimidí na hÉigipte na samplaí is dearscnaithí díobh seo. Bhí a fhios go raibh brí agus feidhm reiligiúnda leo agus is é tuairim na coitiantacht anois gur samhailchomhartha gréine a bhí iontu a sheas do ghathanna na gréine ag titim ar an talamh. Bhíodh an mullach biorach, an benbenet mar a thug na hÉigiptigh air, ag an mullach brata le miotal loinnireach tráth (copar de ghnáth) a frithbhuaileadh gathanna na gréine.

Ba shamhailchomharthaí gréine iad na hoibilisc chomh maith agus bhíodh pirimidím ar a mullach siúd.

Bhí Pirimid Khufu nó Cheops ag Giza gar do chathair Memphis ar cheann de Sheacht n-Iintais an Domhain Ársa.

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint