about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

quadratura

click to view fullsize

quadratura, iol. quadrature

Téarma Iodáilise a thagraíonn do Mhúrphictiúir ar ailtireacht phéinteáilte iad.

Cumadh an téarma sa i dtréimhse an Bharóic. Bhí ráchairt ar leith ar quadrature sa seachtú céad déag go mór mór.

Bíonn siad curtha i gcrích mar trompe l’oeil go minic. Bíonn an bhéim iontu ar réamhghiorrú agus ar éifeachtaí peirspeictíochta sa tslí is go sílfeadh an breathnóir gur síneadh de chuid na hailtireachta a bhíonn ann.

Gnáthchuid d’Ealaín na Sean-Róimhe a bhí iontu agus d’athbheoigh Andrea Mantegna (c. 1431-1506) an seánra san Renaissance.

Is é Andrea Pozzo (1642-1709) bráthar Íosánach a áirítear mar rí-ealaíontóir na quadraturisti agus is é síleál S. Ignazio sa Róimh a shárshaothar féin agus b’fhéidir sárshaothar na quadraturisti uile.

Bíonn máistreacht foirfe ar an bpeirspictíocht de dhíth chun quadratura a chur i gcrích ar síleál. Tugtar quadro riportato ar phictiúr ar síleáil a mbaineann leas as peirspictíocht normálta mar a mbeadh múrphictiúr ann ach a bhíonn aistrithe don síleáil. Tugtar quadraturisti ar phéintéirí a dhéanann speisialtacht de quadrature agus a d’oibrigh i dteannta an phéintéara a phéinteáladh na fíortha.

Pictiúr : Andrea Pozzo, síleál S. Ignazio sa Róimh.

Catagóir: Míndána

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint