about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

retablo

click to view fullsize

retabloreredos

Tugtar retable air san Fhraincis chomh maith. Cineál mír altóra é a bhíonn fosaithe taobh thiar agus os cionn an altóra.

Baineadh feidhm as táipéisí ollmhaisithe ar crochadh taobh thiar den altór mar retablo go dtí an aonú céad déag.

D’fhorbair an reredos go dtí go raibh sé ina scáileáin ardmhaisithe, óraithe uaireanta nó maisithe le hábhair costasacha ar nós airgead nó eabhar. Cuireadh dealbhóireacht orthu chomh maith.

Is é an céasadh agus fíortha de na naoimh an téama is mó ráchairte iontu. Lean siad orthu ag dul i méid isteach sa tréimhse Ghotach agus isteach sa Renaissance ag tabhairt feidhmeanna an mhír altóra anonn. Rinneadh gné buan d’eaglaisí díobh agus thóg siad an cúlbhá ar fad.

Bhí na cinn sa Spáinn níos casta ná i dtíortha eile. Rinneadh reredos ilchasta snoite polachrómacha bunaithe ar eiseamláirí Spáinneacha i Meicsiceo sa Bharóc. Bhí an bhéim ar phictiúir frámaithe i ngnéithe ailtiriúla seachas dealbhóireacht san Iodáil agus sa Ghearmáin. Cuirtear an bhéim ar ingearacht iontu ar fad.

Tugtar retablo ar leagan ar leith den Santos chomh maith.

Pictiúr : Retablo Eaglais Santo Domingo, Oaxaca Meicsiceo.

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint