about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

taca

click to view fullsize

Ball cloiche a chealaíonn an SÁ a imríonn stua nó boghta. Tá meáchan mór i gCLOCH agus tugtar sá ar an mbrú a imríonn an meáchan seo. Tagann an sá i mballa simplí gan bhearna anuas go h-ingearach. Má thógtar boghta ar bharr ballaí nó má chuirtear oscailtí ar nós stuanna sa bhalla gineann seo sá amach chomh maith. Ní mór an sá amach a imríonn stua nó boghta a chealú ansin nó tabharfaidh an balla faoi.

Is féidir an sá a chealú ar dhá bhealach ansin, ballaí i bhfad níos tiubhe a thógáil ag tabhairt an sá san áireamh nó tacaí a thógáil suite fad áirithe ón chéile.

Is cosúil go raibh tógálaithe Gaelacha ag turgnamh le ballaí tiubha. Tá roinnt eaglaisí in Éirinn a tógadh gan tacaí nó piaraí ar nós Teach Cholm Cille gar do Cheanannas na Mí a bhaineann leis an aonú céad déag.

Is gnáthach tacaí a thógáil gach 6 m ar an meán nuair a bhíonn ballaí ag iompair ualaigh. Is é an piara an taca is simplí agus uaireanta ní bhíonn ann ach moll cloiche neamh-mhaisithe. Déantar baill mhaisiúla de phiaraí san AILTIREACHT de ghnáth agus ba é gnáthchleachtas é ón RÓMHÁNÚLACHAS ar aghaidh san Eoraip.

Ní bhíonn an sá amach chomh láidir nuair a bhaintear feidhm as rinnstua agus is féidir feidhm a bhaint as tacaí crochta arbh ionann ionan iad agus leathstua idir balla agus taca piara agus tréithríonn seo an ailtireacht GHOTACH.

Pictiúr : Tacaí crochta ar Ardeaglais Ghotach.

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint