about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

ursaindhealbha

click to view fullsize

Na sraitheanna de dhealbha a bhíodh ar gach taobh den taobh amuigh de dhoras ardeaglais Ghotach, an príomhdhoras go mór mór.

Bhíodh ursaindhealbha ina gcuid riachtanach den Stíl Ghotach ó rinneadh iad den chéad uair i 1140-44 A.D. ar Mhainistir Saint-Denis i bPáras. Fíoracha Bíobalta, fáithe go mór mór agus mairtírigh is mó a bhíonn mar théama dóibh.

Bhí na hursaindhealbha beagnach tríthoiseach, rud a thug ionad tábhachtach dóibh i bhforbairt na dealbhóireachta ar mhór-roinn na hEorpa. Ní raibh ann ach céim eile chun dealbha sa lántimpeall a dhéanamh.

Pictiúr : Ursaindhealbha ó dhoras thiar Ardeaglais Chartres na Fraince.

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint