about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

wenrenhua

click to view fullsize

wenrenhuawen-jen hua

Scoláire-phéintéirí nó scoláire-oifigigh Síneacha arbh uasal-aicme sa tSín iad a bhí cosúil le Filí na Scol abhus. Chruthaigh na scoláirí Síneacha a bhíodh ag obair do rialtas láir na Síne nó don rialtas áitiúl pictiúir go mion-minic mar chaitheamh aimsire nó mar thoradh ar mhachnamh pearsanta.

Ba stíl ar leith ann féin a chleacht siad chuige seo a bhain feidhm as dúchphéintéireacht mhonachrómach go mór mór agus bhí orthu dua a chaitheamh lena fhoghlaim. Níorbh aon stíl amaitéarach í ná níorbh daoine beagdheiseacha iad lucht a chleachta.

Faoi thús an tréimhse Súng (960–1279 A.D.) bhí ealaíontóiri na Síne i gcoitinne eagraithe i gceardlanna móra ag soláthar don chúirt Impiriúl agus do na huaisle agus do na daoine saibhre. Bhí an-tóir acu siúd ar dhéantáin agus ar shaothair ealaíne i bpéintéireacht, laicear, táipéisí, eabhar, séad, miotalóireacht agus eile.

Tugadh tábhacht thar na bearta don challagrafaíocht ach bhí an challagrafaíocht agus an phéintéireacht ceangailte go dlúth ag baint feidhm as na huirlisí, ábhair agus scuabóireacht chéanna. Pictiúir le héin, ainmhithe, bláthanna, páistí agus tírdhreacha maorga na téamaí ab ansa san ealaín cúirte seo.

Tagann wen-jen hua, nó wenrenhua; péintéireacht na scoláire-phéintéirí chun cinn ag tús an tréimhse Súng (960–1279 A.D.) agus ba phéintéireacht tírdhreacha a rogha seánra. Rinne siad cóimeáil ag an tráth sin den fhilíocht agus den phéintéireacht a bhí cinniúnach agus chuir dánta sna pictiúr. B’fhearr leo gné amháin de tírdhreach ar nós carraig, crann giúise nó bambú a roghnú agus béim a chur ar sin. Bhí fíortha daonna beag sna pictiúir, rud a bhí ag teacht le fealsúnacht na Síne i gcoitinne a theagasc gur rud beag a bhí san duine i gcóimheas le fórsaí an Chosmais.

Chleacht na Scoláire-phéintéirí stíl a bhí níos spontánaí d’aon ghnó chun a smaointe agus mothúcháin a léiriú. Ní raibh siad ag iarraidh samhail macasamhlach a chruthú.

I measc na wen-jen bhí cáil faoi leith ar Wen T’ung (d’éag 1079) agus a dhalta Su Tung-p’o (1036-1101). Bhí cáil na callagrafaíochta ar Huang T’ing-chien (1045-1105) agus rinne Li Kung-lin aithris i stíl ársánta ar shárshaothair na seanmhástrí. Rinne Lung mien aithris ar an bpéintéir Wang Wei. Go deimhin leagann Tung Ch'i-ch'ang (1555-1636) ina theoiricí ar dhá scoil na péintéireachta tírdhreacha bunús thraidisiúin na wen-jen ar Wang Wei (699-759) tiarna talún a chleacht sneachta-dhreacha go mór mór.

Léaráid : Dúchphictiúr, An file sna sléibhte.

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint