about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

yoseki-tsukuri

click to view fullsize

yoseki-tsukuriyosegi-zukuri

Teicníocht dhúchasach de chuid na Seapáine chun dealbha a dhéanamh as dá nó níos mó píosaí d’adhmaid cuasacha siúntáilte.

Cuirtear yoseki-tsukuri os comhair ichiboku-zukuri an teicníocht chun dealbh a shnoí as aon cheap amháin adhmaid. D’éirigh yoseki-tsukuri as an nós a cleachtadh in ichiboku-zukuri dealbha as aon cheap amháin adhmaid a tholladh ionas nach gcnagfaidís le hathraithe taise ón aer timpeall orthu. An chéad chéim eile ba ea dhá leath a dhéanamh den dealbh, é a tholladh ansin agus a chur ar ais le chéile.

Fuarthas amach go raibh sé níos fusa na géaga a shiúntáil den chorp ar an mbealach seo. Forbraíodh bealaí éagsúla le ceapanna adhmaid a shiúntáil ach is é an modh is coitianta ná an corp a dhéanamh as ceithre cheap cuasacha adhmaid agus tá samplaí de seo ar marthain ón seachtú céad A.D.

Bhí ráchairt ar leith air ó c.1,000 A.D. ar aghaidh agus tosaíodh ar na baill ar fad a tholladh agus a shiúntáil. D’fhéadfadh na ballaí a bheith tanaí go leor leis an teicníocht.

Tugtar taitneamh i gcónaí do shaothair sa teicníocht ar nós an Bodhisattava ag léirsmaoineamh ó seachtú céad A.D. agus Búda Amida in Kyoto a rinne an dealbhóir Jouchou i 1053 A.D.

Learáid : Búda Amida in Kyoto, le Jouchou, 1053 A.D

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint